Scríofa ag Enda Reilly agus Aoife Scott
[Cúrfa]
Slán Leat, slán abhaile,
Tabhair aire ar an mbóthar
Slán go fóill, slán abhaile,
Is iomaí cor sa tsaol
Slán leat, slán abhaile,
Ní hé seo deireadh an scéil
Slán go fóill, slán abhaile,
Go mbuaile muid arís
[Cúrfa]
Go bhfeice tú solas na maidine
Go gcloise tú briseadh na dtonnta
Go maire tú an lá
Gus go raibh tae de shíor i d' phota
[Cúrfa]
Go bhfeice tú réalt na hoíche
Go gcloise tú ceol do mhuintir
Go dté tú an chéad
S'go raibh tú slán sábháilte socair,
[Cúrfa]
Go gcluine tú an port is aoibhine
Ar sheanfhidil do mhamó
Go bhfeice tú an meangadh mór
Ar aghaidh do gharmhic óig
[Cúrfa]
Go dtéithe an grian d'aghaidh
Nár shéide do hata ar an ghaoth
Go n-airí-tú-boladh an fhéir ghlais lomtha ,
S' go gcaithe tú-láimhíní
[olla] deas(a) buí
[Cúrfa]
Nuair a thagann uair na cinniúna
Agus is fíor go dtiocfaidh an t-am
Go raibh na focla seo fós ag ceol
's ag fánaíocht i do cheann
[Cúrfa]
Slán go fóill, slán abhaile,
Go mbuaile muid arís